Ráiteas Príobháideachais Sonraí ó Ghaelchultúr

1. Ár nGealltanas

Tá Gaelchultúr, agus a sheirbhísí ranganna.com, siopa.ie agus ClubLeabhar.com, tiomanta do phríobhaideachas a chuid custaiméirí agus a chuid foghlaimeoirí a chosaint. Tá feidhm ag Ráiteas Príobháideachais Sonraí Ghaelchultúir maidir leis na sonraí ar fad a bhailímid nó a thugtar dúinn, bíodh sin as líne nó ar líne. Áirítear leis sin sonraí pearsanta a bhailímid nó a thugtar dúinn ar ár suíomh gréasáin agus ar ár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta.

Is é Gaelchultúr rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhailítear as líne, trínár suíomh gréasáin agus trínár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin agus ar ár leathanaigh oifigiúla ar na meáin shóisialta, toilíonn tú leis an Ráiteas Príobháideachais Sonraí seo.

2. An chaoi a mbailímid sonraí pearsanta

Ionas go mbeidh tú in ann clárú dár scrúduithe ar líne, dár measúnaithe agus dár gcúrsaí, déanfaimid sonraí a bhailiú fút agus déanfaimid na sonraí sin a phróiseáil. Déanfaimid amhlaidh chun d’idirbheart ar siopa.ie a chur i gcrích freisin.

Is é Airteagal 6(f) – leasanna dlíthiúla – an foras dlíthiúil atá againn do phróiseáil na sonraí pearsanta sin faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí.

Sonraí íogaire

Nuair a chláraíonn tú ar cheann dár gcúrsaí, féadfaimid iarraidh ort grianghraf díot féin a chur chugainn ionas go mbeimid in ann aitheantas fótagrafach a chruthú duit. I ngach cás, iarrfaimid ort toiliú sainráite a thabhairt an grianghraf a phróiseáil chun na críche sainiúla sin.

3. Cumarsáid mhargaíochta

Nuair a chláraíonn tú ar cheann dár n-ardáin, féadfaimid a fhiafraí díot ar mhaith leat cumarsáid mhargaíochta a fháil uainn. Iarrfaimid ort toiliú a thabhairt chun na críche breise sin.

4. An úsáid a bhainfimid as do shonraí pearsanta

Bainimid úsáid as na sonraí a bhailímid agus a choinnímid chun na críocha seo a leanas:

  • chun eolas a thabhairt duit maidir le measúnú a rinne tú ar shuíomh gréasáin Ghaelchultúir
  • chun tú a chlárú ar ár ranganna, ar ár gcúrsaí ar líne agus ar ár gcúrsaí sa seomra ranga
  • chun a chinntiú go bhfaighidh tú do theastas oifigiúil nuair má bhainfidh tú pas amach i gcúrsa
  • chun idirbhearta a rinne tú ar siopa.ie a chur i gcrích
  • chun tú a chlárú dár gclub leabhar ar líne, ClubLeabhar.com
  • chun tú a chlárú dár nuachtlitir ar líne
  • chun eolas a thabhairt duit faoi dheiseanna fostaíochta a bhaineann leis an nGaeilge

5. Sonraí pearsanta aistrítear do thríú páirtithe

Féadfaidh sé go mbeidh orainn do shonraí pearsanta a roinnt le hinstitiúidí oideachais nó le comhlachtaí rialtais.

Maidir leis na tríú páirtithe a n-aistrímid do chuid sonraí chucu, ceanglaímid orthu slándáil do shonraí pearsanta a urramú agus caitheamh leis na sonraí sin de réir an dlí. Ní thugaimid cead do thríú páirtithe do shonraí pearsanta a phróiseáil, ach amháin má dhéantar sin chun críocha sainiúla agus de réir ár dtreoracha féin.

6. An chaoi a gcosnaímid sonraí pearsanta

Úsáidimid bearta réasúnta eagrúcháin, teicniúla agus riaracháin chun na sonraí pearsanta atá á rialú againn a chosaint. Ní féidir gealltanas a thabhairt, áfach, gur aistriú 100% slán a bheidh i ngach aistriú sonraí a dhéanfar ar an idirlíon nó trí chóras stórála sonraí.

Má cheapann tú ar chúis éigin nach bhfuil do chuid shonraí slán níos mó, is ceart muid a chur ar an eolas láithreach agus teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gaelchultur.com

7. Cá fhad a choinneoidh muid do chuid sonraí

Coinneoimid do chuid sonraí pearsanta don tréimhse is gá chun na críocha ar bhailigh muid iad a chomhlíonadh, agus ní do thréimhse níos faide ná sin.

8. Do chearta dlíthiúla

Faoi na dlíthe um chosaint sonraí, tá cearta agat maidir le do shonraí pearsanta. I measc na gceart sin tá:

  • An ceart rochtana: Tá an ceart agat cóip shaor in aisce a fháil de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút agus/nó an ceart rochtain a fháil saor in aisce ar na sonraí sin. Leis sin, tá an ceart agat eolas a fháil faoin bpróiseáil a dhéantar ar na sonraí pearsanta sin.
  • An ceart go ndéanfaí ceartúcháin: Tá an ceart agat a iarraidh go gceartófar aon sonraí míchruinne atá á gcoinneáil againn fút, nó má tá sonraí easnamhacha againn, féadann tú a iarraidh orainn na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta.
  • An ceart go ndéanfaí scriosadh (an ceart go ndéanfaí ‘ligean i ndearmad’): Tá an ceart agat a iarraidh orainn na sonraí pearsanta atá againn fút a scriosadh, i gcásanna áirithe.
  • An ceart go gcuirfí srian le próiseáil: Tá an ceart agat cur i gcoinne na húsáide a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta nó cur i gcoinne na slí a ndéanaimid próiseáil orthu.
  • An ceart go n-aistreofaí sonraí: Tá an ceart agat a iarraidh, i gcásanna áirithe, go n-aistreoimis do chuid sonraí pearsanta chuig eagraíocht eile.
  • An ceart chun gearán a dhéanamh: Tá an ceart agat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí (dataprotection.ie). Tá an ceart agat freisin gearán a sheoladh díreach chugainne ag eolas@gaelchultur.com.

9. Cineálacha ID atá de dhíth le go bhfreagrófar iarratas faisnéise

Glacann Gaelchultúr le pas nó le ceadúnas tiomána mar ID sa chás go n-iarrtar faisnéis faoi do chuid sonraí pearsanta.

Má dhéantar iarratas faisnéise ar son foghlaimeora atá níos óige ná sé bliana déag d’aois, ba cheart do thuismitheoir nó do chaomhnóir dlíthiúil an t-iarratas sin a dhéanamh.

Maidir leis an bhfoghlaimeoir sin a bhfuil sonraí á n-iarraidh faoi nó fúithi, tá sé tábhachtach dúinn a bheith cinnte go bhfuil an duine a dhéanann an t-iarratas ag gníomhú go dlisteanach ar son an fhoghlaimeora sin agus chun leasa an fhoghlaimeora sin.

Má bhíonn aon cheist eile agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí Ghaelchultúir ag gdpr@gaelchultur.com.

Leagan 1:
25 Bealtaine 2018