publisher
Cló Iar-Chonnacht

Bunaíodh Cló Iar-Chonnachta (CIC) i 1985, agus ó shin i leith tá os cionn 150 albam ceoil curtha amach againn, agus suas le 300 leabhar. Táimid ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla sa tír, agus ar an chomhlacht phríobháideach foilsitheoireachta Gaeilge is mó, le cúigear fostaithe go lánaimseartha inár n-oifigí in Indreabhán, Conamara.

Is mar choimirceoir, mar phatrún agus mar chaomhnóir ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta a fheidhmíonn CIC. Tuigeann muid an mhórthábhacht a bhaineann le caomhnú an tsaibhris chultúir seo, agus is é an aidhm atá againn spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus do scríbhneoirí agus ardán náisiúnta a thabhairt dá nguthanna.

Foilsíonn CIC réimse an-leathan litríochta; cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire. Tá roinnt leabhar Béarla foilsithe againn chomh maith, aistriúcháin a bhformhór ar mhórshaothair Ghaeilge. Tá roinnt mhaith de na saothair seo ar fáil ar dlúthdhiosca agus ar caiséad, cuid acu sa tsraith spreagúil An Béal Beo.

Ó thaobh ceoil de, ba é an príomhrún a bhí ag CIC nuair a bunaíodh é ná oirfidigh Chonamara (agus go háirithe na fonnadóirí sean-nóis) a thaifeadadh le go mbeadh teacht ar a saibhreas go forleathan agus go buan. Tá cúram ar leith fós á dhéanamh den chuspóir úd, ach tá ár réimse oibre leathnaithe amach go mór. I gcatalóg CIC inniu tá taifeadtaí sean-nóis ó gach cearn den tír, chomh maith le ceoltóirí aonair agus grúpaí traidisiúnta den scoth, ceol cajun, gaelcheol tíre agus ceol Chape Breton.

Tá dhá dhlúthdhiosca eisithe ag CIC ar a bhfuil teacht ar thogha agus rogha ár stór ceoil, Ceiliúradh, a foilsíodh i 1995 mar chuid d’ár gceiliúradh deich mbliana, agus Caise Ceoil, a foilsíodh i 2000. Foilsíodh togha na litríochta chomh maith mar chuid den cheiliúradh deich mbliana, agus tá fáil air sin sa leabhar Sláinte.

Is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile stiúrthóir CIC. Bhunaigh sé an comhlacht i 1985 nuair a bhí sé ina mhac léinn ollscoile in aois 23 bliain. Is scríbhneoir bisiúil, éirimiúil é a bhfuil stór na nduaiseanna liteartha atá buaite aige ag méadú in aghaidh an lae. Ainmníodh a úrscéal Sna Fir ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times 2001, bhronn an Foras Cultúir Ghael-Mheiriceánaigh Duais Liteartha an Bhuitléaraigh air, agus bhuaigh a ghearrscéal ‘Athair’ príomhdhuais litríochta Hennessy i 1997.

Is í Deirdre Ní Thuathail an Bainisteoir Ginearálta, Lisa Mc Donagh an Bainisteoir Díolacháin, Lochlainn Ó Tuairisg an tEagarthóir Litríochta agus Aodh Ó Gallchóir an tEagarthóir Cúnta.

 

Tuilleadh ó Cló Iar-Chonnacht