€7.50
Líon:
Oileán an Órchiste (Beag)
Oileán an Órchiste (Beag)
ISBN: 978 1 911363 06 4
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Sa leabhar pictiúr gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraith sé leabhar pictiúr lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

Scríbhneoir Albanach ab ea Robert Louis Stevenson agus scríobh sé go leor leabhar agus aistí. Is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an eagrán giorraithe seo do pháistí.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir