€15.00
Líon:
An Ríomhaire Ilteangach
An Ríomhaire Ilteangach
ISBN: 978-1-907494-70-3
Bliain foilsithe: 2017
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Sa leabhar seo pléitear an dóigh a láimhseálann ríomhairí teangacha éagsúla agus tugtar treoir phraiticiúil don léitheoir maidir le leas a bhaint as an teicneolaíocht teanga. Pléitear ábhair ar nós: ionchur agus formáidiú téacs i dteangacha éagsúla; an tseiceáil litrithe agus gramadaí; foclóirí agus áiseanna tagartha teanga ar líne; an meaisínaistriúchán; suímh idirlín ilteangacha agus logánú bogearraí. Dírithe ar an léitheoir ginearálta seachas speisialtóirí ríomhaireachta, is léitheoireacht riachtanach é seo do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire.

Innealtóir ríomhaireachta é Michal Boleslav Měchura agus is as Poblacht na Seice dó. Chaith sé tréimhse fhada ag obair le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le Foras na Gaeilge. Eisean a chruthaigh an t-infreastruchtúr ríomhaireachta ar thionscadail éagsúla i réimse na teicneolaíochta teanga, ina measc téarma.ie, logainm.ie, teanglann.ie agus potafocal.com. Tá céim mháistreachta sa ríomhtheangeolaíocht aige ó Choláiste na Tríonóide agus tréimhse caite aige mar innealtóir logánaithe bogearraí le Microsoft. Tá trí theanga dhaonna agus iliomad teangacha ríomhchlárúcháin ar a thoil aige. Tá sé i mbun PhD ina thír dhúchais i láthair na huaire.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir