€12.00
Líon:
Ingne Dearga Dheaideo
Ingne Dearga Dheaideo
ISBN: 1-902420-93-4
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Tá saibhreas canúna agus saibhreas Gaeilge san iarracht seo. Tá súil ghéar ag an údar agus is léir sin ar an mionchuntas a thugtar dúinn sna scéalta seo.” – Brian Ó Conchubhair

Cnuasach gearrscéalta ó Phádraic Breathnach, údar a bhfuil cáil an stílí air, agus údar a léiríonn bá ar leith leis an dúlra agus leis an óige ina chuid scríbhneoireachta. Bronnadh an phríomhdhuais do chnuasach gearrscéalta ar an saothar seo i gComórtais Litríochta an Oireachtais 2003.

Tá éagsúlacht ábhar in Ingne Dearga Dheaideo, mar is dual do chnuasaigh ón údar céanna. Ar na téamaí a chíortar sa chnuasach seo tá an chumha, an aois, an choimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus an saol mar a fheictear don pháiste é.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir