€34.95
Líon:
Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (St. Michael's College, Toronto)
Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (St. Michael’s College, Toronto)
A multimedia Irish language course for adults
ISBN: 978-0-9563614-1-7
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Tá an leathanach táirge seo cruthaithe againn le glacadh le híocaíochtaí ó mhic léinn in St Michael’s College, Toronto. Mura bhfuil tú i do mhac léinn ansin ní phróiseálfar d’ordú ar an táirge seo gan chostas seachadta a íoc.

Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus dhá dhlúthdhiosca. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na dlúthdhioscaí a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;

• Gaeilge níos cruinne a labhairt;

• cur go mór lena stór focal;

• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;

• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;

• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Is féidir an leabhar a úsáid leis féin nó leis an dá dhlúthdhiosca. Tá na comhráite sa leabhar le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí.

Ta aonad samplach ar fáil anseo - Aonad 5: Laethanta Saoire agus Taisteal

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir