€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Mallacht an Mhumaí
Dónall Dána (Horrid Henry) - Mallacht an Mhumaí
ISBN: 9781784441692
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Díoltas agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh Mallacht an Mhumaí go Gaeilge.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Sa gcnuasach seo, is fada le Dónall Dána go n-inseoidh sé dá dheartháir Learaí gan Locht faoi mhallacht an mhumaí, agus é ag iarraidh faitís a chuir air. Ach an bhféadfadh go bhfuil mallacht an mhumaí ar Dhónall é fhéin? Nó cén difríocht atá idir ‘Mamaí’ agus ‘Mumaí’ ar aon chaoi?

Feiliúnach don seomra ranga.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir