€14.00
Líon:
Mícheál Breathnach: Scríbhinní
Mícheál Breathnach: Scríbhinní
Curtha in eagar ag Tomás Mac Domhnaill, Seán Mac Énrí agus Lochlainn Ó Tuairisg
ISBN: 978-1-905560-38-7
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seacht mbliana fichead a bhí Mícheál Breathnach nuair a fuair sé bás anabaí sa mbliain 1908. Bhain a bhás siar as a chairde go léir, agus mar chomóradh ar a shaol agus ar a shaothar chuir siad cuid dá chuid scríbhinní i dtoll a chéile i bhfoirm leabhair, a foilsíodh sa mbliain 1913. Seo athchló ar an leabhar sin, an t-aon athchló a cuireadh air le beagnach céad bliain. Tá scríbhneoireacht taistil, iriseoireacht, tráchtaireacht ar an bpolaitíocht agus ar an litríocht, cuimhní cinn, cumadóireacht agus filíocht sa leabhar, chomh maith le scéal a bheatha. Cloch bhua ar charn duine de cheannródaithe móra na scríbhneoireachta sa Nua-Ghaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir