€12.00
Líon:
Sister Elizabeth ag Eitilt agus Portráidí Eile
Sister Elizabeth ag Eitilt agus Portráidí Eile
ISBN: 978-1-901176-53-7
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Aonaid phróis a thugann an t-údar féin ar na dréachtaí seo, gaol acu leis an ngearscéal, an eachtra agus an dán. Aithneofar cuid acu ón gcolún a bhíodh ag Ó Muirthile san Irish Times, ach mar a deir sé féin táid saothraithe go maith ó shin. Tá gach ceann acu ar ard-chaighdeán ón bpíosa a thugann teideal don leabhar a bhfuil leagan amach de réir ghnás na scéalaíochta go dtí an dréacht, ‘Túir an Áir’, ina mbreactar síos uafás an 9/11 in abairtí nach bhfuil i ngach ceann acu ach abairt.

Déantar ionramháil chuí ar gach ceann díobh agus tá seoda ina measc, mar shampla an caoineadh próis, ‘Meáchan Rudaí’, ar deacair lipéad a bhualadh air - filíocht ina orlaí tríd. Níl aon chlár leis an leabhar - tá na cúig píosa déag i ndiaidh a chéile: más áil leat ceann a léamh an athuair tumann tú isteach arís ann.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir