€10.00
Líon:
Scáthán Véarsaí
Scáthán Véarsaí
ISBN: 978-0-86289-048-3
Clúdach: Bog

I mBaile Bhuirne, 1917 a rugadh Seán Ó Riordáin. D’fhág sé an baile sin in aois a chúig déag agus is in Inis Carra, in aice le CAthair Chorcaí, a bhí cónaí air an chuid eile dá shaol. Níor foilsíodh ach cheithre leabhar filíochta dá chuid i rith a shaoil - Eireaball Spideoige, Brosna, Línte Liombó agus Rí na nUile (i gcomhar le Seán Ó Conghaile C.SS.R). Fuair sé bás ar an 21 Feabhra 1977 agus foilsíodh cnuasach eile dá chuid, Tar Éis mo Bháis sa bhliain 1978.

Sna blianta deireanacha dá shaol, scríobh Seán Ó Riodáin sraith aistí próis don Irish Times a raibh clú forleathan orthu. Choinnigh sé dialann i rith a shaoil freisin ina bhfuil cuid den phrós is scáfair dár scríobhadh riamh sa Nua-Ghaeilge, dar lena bheathaisnéisí, Seán Ó Coileáin. Cian Ó hÉigeartaigh a rinne an rogha don chnuasach seo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir