€9.00
Líon:
Gealach
Gealach
ISBN: 9780898332636
Bliain foilsithe: 2012
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Ar fheirm mhuintir La Tour in Nova Scotia atá Gealach, ceann de na capaill rása is fearr i gCeanada. Agus í á tabhairt i mbád trasna an chuain, titeann Gealach san fharraige. Sa cheo trom imíonn an capall as radharc. Cuirtear saol na feirme bunoscionn.

Diúltaíonn an cúpla, Jack agus Liz, glacadh leis go bhfuil Gealach báite, agus téann siad ar a tóir. Ach tá an t-am ag sleamhnú: tá fiacha móra ar an bhfeirm agus, gan Gealach, caillfidh siad an teach agus gach rud atá acu. Ní hamháin sin, ach tá searrach á iompar ag Gealach agus má tá sí fós beo, caithfidh siad teacht uirthi go tapa!

Bhuaigh an t-úrscéal seo Duais Liteartha de chuid an Oireachtais in 2010.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir