€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Díoltas
Dónall Dána (Horrid Henry) - Díoltas
ISBN: 9781784441685
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Díoltas agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh Díoltas go Gaeilge.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil. Sa gcnuasach seo téann Dónall Dána go dtí an oifig lena athair, haiceálann sé isteach go ríomhaire a mhuintire, castar Gráinne Ghréiseach Cailleach Am Lóin air agus cuireann sé plean i dtoll a chéile chun a dhíoltas a bhaint amach ar a dheartháir ‘foirfe’ Learaí-gan-Locht!

Feiliúnach don seomra ranga.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir