€7.00
Líon:
An Seachtar Stuama: Eachtra an Mhilseáin
An Seachtar Stuama: Eachtra an Mhilseáin
ISBN: 9781784441548
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith ‘The Secret Seven’ le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Díríonn na leaganacha Gaeilge ar an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, ‘Eachtra an Mhilseáin,’ téann an Seachtar ag breathnú ar na réalta trí theileascóp, ach ní fada go n-éiríonn siad tuirseach de. B’fhearr leo breathnú síos faoin mbaile, áit a bhfeiceann siad duine ag lasadh coca féir! An éireoidh leis an Seachtar an cró a shábháil? Ach cé atá ag lasadh tinte? Is í Máirín Ní Ghadhra a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir