€20.00
Líon:
Peigín Leitir Móir
Peigín Leitir Móir
(Leabhar agus CD)
ISBN: 9780955098376
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca, d’amhráin agus rannta ón traidisiún.

Ón bhfoireann chéanna a chuir Gugalaí Gug! i láthair an tsaoil, seo cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca de rannta agus amhráin ón traidisiún.

Trí ghlúin d’fhonnadóirí agus rannairí atá le cloisteáil arís ar Peigín Leitir Móir — ina measc, buaiteoir chomórtas sean-nós na mban ag Oireachtas na Gaeilge: Caitlín Ní Chualáin, ó Indreabhán; an t-aisteoir aitheanta ón Spidéal, Peadar Ó Treasaigh; chomh maith le foireann rannairí agus amhránaithe ó Scoil na Tulaí agus Scoil Thír an Fhia i gConamara. Is cinnte go mbeidh tóir mhór air i measc na mílte a cheannaigh an chéad teideal sa tsraith, Gugalaí Gug!

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir