Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€30.00
Líon:
Amhrán is Fiche Eile (CD-ROM / CD)
Amhrán is Fiche Eile (CD-ROM / CD)
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Fios Feasa

CD-ROM ceoil eile ag leanúint ar rath Amhrán is Fiche. 21 amhrán nua á rá ag triúr amhránaithe cáiliúla ó Ghaeltachtaí difriúla. Bíonn na líricí go léir le feiscint ar an scáileán, agus bíonn liathróidín ag leanúint na bhfocal faid is a bhíonn an t–amhrán á rá. Is féidir an ceol a chur ar siúl gan an t–amhránaí chun an t–amhrán a rá sa stíl Karaoke.

I measc na nithe eile atá ar an CD, tá áis chun na líricí a phriontáil amach, aistriúcháin as Béarla, agus samplaí de cheachtanna bunaithe ar na hamhráin do mhúinteoirí. Tá party piece breise ag teastáil!

Na hamhránaithe:
Éilís Ní Chinnéide
Aoife Ní Fhearraigh
Caitríona Ní Cheannabháin

Liosta de na hamhráin:
Amhrán na Bó
Ardaidh Cuain
Bacach Buí na Léige
Mo Chailín Rua
Cill Chais
Cuach mo Lon Dubh Buí
Cúnnla
Dá bhFaighinn mo Rogha de Thriúr Acu
Éamonn an Chnoic
Mo Ghille Mear
Máire Mhór
Óró Bog Liom Í
Óro mo Bháidín
Páidín Ó Raifeartaigh
An Páistín Fionn
Peigín is Peadar
An Rógaire Dubh
An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn
An Seanduine Dóite
Tá Dhá Ghabhairín Bhuí Agam
Tiocfaidh an Samhradh

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir