Pádraig Ó Cíobháin

Ar an nGráig i mBaile an Fheirtéaraigh a tháinig sé ar an saol i 1951. Bhí a athair ina fheirmeoir ar an nGráig féin agus ba bhean tí a mháthair. Bhí seisear sa chlann. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn, Cill Airne. Bhí sé ina chónaí i gCorcaigh ó chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, le céim BA a bhaint amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa Tíreolaíocht i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. Rinne sé an ATO sa bhliain 1972-1973. I 1975, fuair sé post meánmhúinteora i bPobalscoil Ghort Álainn i gCorcaigh.

Tá idir ghearrscéalta agus úrscéalta foilsithe aige. Ghnóthaigh a chnuasach gearrscéalta, Solas ná hÉagann Choíche (Coiscéim, 1999) duais Chomórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Chéilleachair in Oireachtas na bliana 1996. Ba theagascóir é in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nuair a ainmníodh é mar Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge san Ollscoil chéanna in 2003. Chríochnaigh an tréimhse sin ag deireadh 2005. Is é Dréachta Chrích Fódla (Coiscéim, 2007) an foilseachán is déanaí leis. Beidh Dréachta Chrích Fódla: Imleabhar 2 ag teacht amach go luath.

Tá cónaí air anois i nGaillimh lena bhean chéile, Kate, agus a n-iníonacha Sadhbh agus Aoife.

 

Tuilleadh ó Pádraig Ó Cíobháin