Lily Neill

Rugadh Lily Neill in Maryland sna Stáit Aontaithe agus seinneann sí ceol traidisiúnta as Éirinn agus as traidisiúin eile. Cumann sí a cuid port féin freisin.

Thosaigh Lily ag seinm na cláirsí nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois agus sheinn sí go poiblí ar bhonn gairmiúil den chéad uair an bhliain dár gcionn. Bhuaigh sí duaiseanna i go leor comórtas sna Stáit Aontaithe agus í ag éirí aníos agus d’éirigh léi duais a bhuachan i 1998 i gcomórtas uile-Éireann i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo.

Agus í fós sna déaga, sheinn Lily don Uachtarán Bill Clinton, an Feisire Richard Neal agus na Seanadóirí Ted Kennedy agus George Mitchell agus le The Chieftains agus Derek Bell i Halla Ceolchoirmeacha an Kennedy Center in Washington DC. B’in na ceolchoirmeacha deireanacha a raibh Bell páirteach iontu sa Kennedy Center.

D’éirigh le Lily céad onóracha a bhaint amach sa Mháistreacht i nDámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh agus d’eisigh sí a céad dlúthdhiosca, Without Words, in 2004 agus í fós i mbun staidéir. Bhuaigh sí an gradam don Cheoltóir Nua Mná ab Fhearr sa bhliain 2006 ó LiveIreland.com agus Irish-American News.

Tá Lily ag cur fúithi san Eoraip faoi láthair. Sheinn sí ag an Festival Interceltique de Lorient in 2007 agus 2008.

 

Tuilleadh ó Lily Neill