Gaelchultúr

Bunaíodh Gaelchultúr in 2004 agus ó shin i leith tá cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde á gcur ar fáil ag an gcomhlacht, dírithe orthu siúd a bhfuil spéis acu sa teanga ar fud na cruinne. An aidhm atá againn ná seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil againn timpeall na hÉireann a bhfuil múinteoirí cumasacha ina mbun, agus cuireann ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain cur lena gcuid Gaeilge. Tá súil againn go ndéanfaidh ceann dár gcúrsaí nó dár bhfoilseacháin freastal ar na riachtanais atá agatsa agus go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaithfidh tú i mbun foghlama linn.

 

Tuilleadh ó Gaelchultúr