€15.00
Líon:
Kíor Thuathail
Kíor Thuathail
ISBN: 978-1-911363-40-8
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d’fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.

Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúl- sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.

Rinneadh scannán bunaithe ar an úrscéal seo i 2002, chomh maith le sraith teilifíse.

File agus scríbhneoir Marseilleach ab ea an t-údar Jean-Claude Izzo. Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar a shaothar tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Cailleadh é sa bhliain 2000.

is le tacaíocht ó CNL (Centre National du Livre) na Fraince a foilsíodh an leabhar seo.

Is í Bernadette Nic an tSaoir a d’aistrigh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir