€8.00
Líon:
Fuadach
Fuadach
ISBN: 978-1-901176-55-1
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

‘Conchita Diaz del pé sloinne aisteach eile atá uirthi! Conchita friggin Diaz!’ Chaith Aoife a mála scoile ar urlár sheomra na gcótaí agus bhuail cic air. ‘Conchita seo! Conchita siúd! Níl sé féaráilte. Ise a roghnaítear i gcónaí. Cuma cad a bhíonn ar siúl.’ Tharraing a cara Niamh a cóta den chrúca. Bhí sí féin agus Aoife mór lena chéile óna gcéad lá ar scoil. Iad ina suí ag an mbord céanna, ordóg sa bhéal acu beirt agus iad ag breathnú go hamhrasach ar na strainséirí go léir a bhí thart orthu. Faoin am gur tháinig am lóin, áfach, bhí siad ag siúl timpeall chlós na scoile lámh i lámh a chéile, an dá chloigeann le chéile agus rúin mhóra an tsaoil á roinnt acu.

Bhí an cairdeas agus an dílseacht sin fós eatarthu, iad chomh láidir agus a bhí riamh, go háirithe nuair a cheap duine acu go raibh éagóir déanta ar an duine eile. Chroch Niamh a cóta ar a leathghualainn - cóta a bhí ag a deirfiúr roimpi agus ise ag dul ar scoil. Ní bheadh a leithéid ag Conchita. ‘Breathnaigh uirthi! Gach uile rud ar domhan aici. Teach ollmhór. Na héadaí is deise. Na muincí is luachmhaire.

Bí cinnte nach bhfaigheann sise éadaí dara lámh óna deirfiúr.’ Bhain Aoife croitheadh as a cloigeann. ‘Táim cinnte nach bhfaigheann. Agus bí cinnte go gceannaítear gach rud dá bhfuil aici sna siopaí is fearr.’ ‘Sea,’ arsa Niamh. ‘Gach uile rud luachmhar, álainn, galánta. Gan rud ar bith de dhíth uirthi. An rud nach dtuigim ná …’ Stop sí i lár abairte. Tháinig smuilc uirthi agus í ag breathnú i dtreo an dorais. Bhí grúpa beag cailíní tar éis siúl isteach i seomra na gcótaí. Cailín dorcha, dathúil ina measc. Ag a dó dhéag bhí sí ard dá haois, cúpla ceintiméadar níos airde ná aon duine eile sa ghrúpa. Dath na gréine fós le feiceáil ar a haghaidh cé go raibh sé imithe i léig beagáinín tar éis gheimhreadh na hÉireann. Áilleacht na Spáinne ag lonrú ina dá shúil a bhí chomh dorcha sin go raibh sé deacair a dhéanamh amach an raibh siad dubh nó donn. Fiú san éide scoile bhí galántacht ag baint léi. ‘Comhghairdeas, a Chonchita,’ arsa duine den slua. ‘Déanfaidh tú jab iontach,’ Ní dúirt Conchita tada. D’fhéach sí i dtreo Aoife agus Niamh. D’oscail sí a béal. Í ar tí rud éigin a rá. Níor thug Aoife seans di. ‘Fág seo, a Niamh!’ ar sise. Rug siad beirt ar a málaí arís. Amach leo sa halla agus chas i dtreo an phríomhdhorais. Lean súile Chonchita iad go dtí go raibh siad imithe as radharc. Lig sí osna agus chas i dtreo a cóta féin.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir