€12.00
Líon:
Caillte i gConamara: Scéalta Aniar
Caillte i gConamara: Scéalta Aniar
Lost in Connemara: Stories from the Irish
Clúdach: Bog

Cúig ghearrscéal le cúigear fear as Conamara. Cúigear údar ar de dhlúth agus d’inneach Chonamara iad, a thugann léargas ar leith ar Chonamara, pictiúr ón taobh istigh, a phléann Conamara mar a fheictear do mhuintir Chonamara é.

Ach ní hé Conamara na sléibhte maorga, na lochanna gorma, na tránna bána agus na gasúir rua le hasal agus péire cléibh atá faoi chaibidil sa leabhar seo.

Feictear sna scéalta seo Conamara an chaillteanais, Conamara an bhriseadh croí agus an bháis, Conamara na tragóide, Conamara an bhróin agus an olagóin. Seo Conamara mar a bhí sé sa bhfichiú haois agus mar atá sé san aonú haois is fiche.

Saothar dhátheangach é seo (Gaeilge agus Béarla).

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir