€10.00
Líon:
Cora Cinniúna Imleabhar 1
Cora Cinniúna Imleabhar 1
ISBN: 1-85791-045-1
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Saol Rinn na Feirste sa leathchéad bliain roimh an Chéad Chogadh Mór – an saol lenar tógadh é féin – is ábhar don mhórchuid de shaothar Shéamuis Uí Ghrianna (‘Máire’). Sa chéad imleabhar seo den díolaim Cora Cinniúna tá seacht scéal fhichid de chuid ‘Máire’ a roghnaigh Niall Ó Dónaill as measc an dá chéad scéal nó mar sin a d’fhoilsigh Máire idir 1940 agus 1968.

Is í an daonnacht an phríomhthréith atá ina chuid scéalta tríd síos,’ dar leis an Dálach, agus ina fhianaise sin tá tracht sna scéalta a roghnaigh sé ar choraíocht teaghlach leis an tsaol fá chladaí na Rosann, ar an imirce, ar an iascaireacht, ar bhádóireacht is ar thubhaistí farraige, ar chaidreamh is ar choimhlint idir chomharsana, ar chúrsaí cleamhnais is grá, ar dhearcadh polaitíochta an phobail, agus ar an mhothú atá in intinn an duine ar an tsaol osnádúrtha. Le cois cuid téamaí Mháire a léiriú tugann an díolaim seo léargas glé ar stíl ghlan éasca na scríbhneoireachta aige, agus ar an chaighdeán chothrom scéalaíochta a bhí aige ó thús deireadh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir