€15.00
Líon:
Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
ISBN: 1 902420 78 0
Bliain foilsithe: 2003
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2012

Rud annamh i litríocht na Gaeilge is ea an leabhar taistil, agus sa leabhar seo insítear scéal aistear Gabriel agus a mhná go Dubai, an India, Hong Cong, an tSeapáin, an Astráil, an tSile agus na Stáit Aontaithe. Tá an-ghreann ag baint le cuid mhór de scéalta Gabriel - an ceann faoin bhfear díolta seodra agus a aimitis álainn, cuir i gcás, faoin miúil a chuireann crúb ina bhás féin agus faoin 39 milliún dia atá ag cur fúthu i Mumbai. Tugann sé le fios dúinn go ndéanfaidh mún asail maitheas dóibh siúd a bhfuil galar meabhrach orthu, fiafraíonn sé dínn an treise a bhadhró ná an khanjar (miodóg fhada ghéar) agus cuireann sé síos ar mhuc ardnósach i Mumbai a shíleann gur bó bheannaithe í!

Mar aon leis an ngreann, tá codanna den leabhar atá fealsúnach agus fileata. Maíonn an t-údar go gcaithfear soiscéal na síochána a scaipeadh, agus ní dhéanann a thuras go Hiroshima ach treisiú ar an tuairim sin. Déantar trácht sa leabhar chomh maith ar na cosúlachtaí idir cultúr na hÉireann agus cultúir na dtíortha eile atá faoi chaibidil, go háirithe cultúr an India.

Scríobhann Rosenstock filíocht i stíl Haiku na Seapáine agus tá go leor de na dánta trí líne seo a spreag a chuid taistil le fáil sa leabhar, mar aon le smaointe an lae.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir