€25.00
Líon:
Parliament na bhFíodóirí
Parliament na bhFíodóirí
Eagraithe ag Seán Ó Duinnshléibhe
ISBN: 978-1-906882-72-3
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aoir ar fhíodóirí a linne, go háirithe ar an tsaint agus ar an gclaonadh chun camastaíola a chuirtí ina leith, atá sa Phárliment.

Spreag saothar an Bharraigh scríbhneoir Muimhneach eile, Uileag Ó Céirín ó Chiarraí Thuaidh, chun freagra ar Phárliment na bhFíodóirí a cheapadh. Fíodóir taistil ba ea an Céiríneach agus tá a Fhreagra siúd cóirithe anseo, leis, mar léiriú ar ar cheap duine de lucht na ceirdre de shaothar cáinteach an Bharraigh.

Is é atá sa leabhar seo ná eagrán criticeach de Phárliment na bhFíodóirí, saothar próis a chum Dáibhí de Barra (1757/8-1851), scríobhaí ó Charraig Tuathail, in oirthear Chorcaí.

Is coir Párliment na bhFíodóirí, dá laghad é, a áireamh ar mhórthéacsaí inspéise na hochtú aoise déag.

Is é seo an chéaduair a foilsíódh an saothar seo ina iomláine. I dteannta na dtéacsaí cóirithe, déantar nótaí teanga, nótaí téacsa agus gluaise a sholáthar mar áis do léitheoirí.

Tugtar léargas sa Phárliment ar chuinsí socheacnamaíochta na linne agus ar an gcorraíl a lean iad, más go hindíreach féin ar uairibh é; rud eile de, is mór mar a d’fhág Pairlement Chloinne Tomáis a lorg air. Is minic ráite é gur tearc iad na saothair inspéise phróis in Gaeilge a scríobhadh ó bhlianta deireanacha an ochtú céad déag anuas go dtí lár na haoise dár gcionn.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir