€15.00
Líon:
Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas
Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas
ISBN: 978-1-905560-39-4
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Níl aon amhras ach go bhfuil Pádraig Standún ar dhuine de na húrscéalaithe is fearr agus is bisiúla i nua-litríocht na Gaeilge. Ó thús na n-ochtóidí i leith tá súil ghrinn ghéar caite aige ar mhuintir na Gaeltachta agus na hÉireann. Sa leabhar seo, áfach, tugann sé faoi dhúshlán nua: stair agus seanchas an cheantair a bhfuil sé ina shéiplíneach ann ó 1995 a ríomh – Tuar Mhic Éadaigh.

Gheofar trácht sa leabhar seo ar chúrsaí bíoblóireachta sa naoú haois déag, cur síos ar an saol a chaith na gnáthdhaoine sa seanreacht, agus cuntas ar Chogadh na Saoirse sa cheantar, chomh maith le stair na bhfoirgneamh, na n-institiúidí agus na ndaoine atá ar marthain go fóill. Gheobhaidh muintir ThuarMhic Éadaigh in Éirinn agus níos faide ó bhaile lón machnaimh agus cuimhne sa leabhar seo.