Andrew Whitson

As Béal Feirste ó dhúchas d’Andrew Whitson. Tá leabhair foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla den ealaín agus cuireadh mórán saothar dá chuid ar taispeáint go rialta. Tá an iliomad leabhar maisithe ag Andrew, ar a n-áirítear The Creatures of Celtic Myth, The Field Guide to Irish Fairies agus The Dark Spirit. Ainmníodh a phictiúrleabhar, Gaiscíoch na Beilte Uaine, ar Ghearrliosta Ghradam Bisto 2008 agus ghnóthaigh an leabhar Gradam Réics Carló 2007. Bhuaigh a phictiúrleabhar, Balor, Gradam Réics Carló 2009 fosta. Creideann Anderw i nGeasa na Scéalaíochta.

 

More from Andrew Whitson