€20.00
Líon:
An Chláirseach agus an Choróin
An Chláirseach agus an Choróin
ISBN: 978-1-911363-71-2
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Cumadóir mór ceoil ba ea Charles Villiers Stanford, b’fhéidir gurb é an cumadóir ba mhó é a tháinig as Éirinn riamh.

Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an tSasanachais, mar atá déanta sa leabhar seo a théann i ngleic le ceist an Éireannachais agus le ceist an tSasanachais, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d’Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.

Is é Charles Villiers Stanford an cumadóir ceoil is mó a tháinig as Éirinn riamh – nach raibh Gaeilge aige! Is é is mó a chuir ceol na nGael - ár gceolna, ceol lucht labhartha na Gaeilge - ag fuaimniú ar stáitsí an cheoil ealaíne san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. Ainneoin nach raibh aon Ghaeilge aige, léirigh sé ómós agus tuiscint domhain don cheol Gaelach.

Trí anailís a dhéanamh ar an gceol sárchumasach seo déanann Mac Cóil anailís ar náisiún, agus léiríonn gurb iad na Gaeil – lucht labhartha na Gaeilge – is fearr a thuigfidh ceol Stanford agus a is mó a bhéarfadh chucu féin é, mar is é a gceol féin atá ann.

Mar chuid den anailís aige breathnaíonn sé ar chúlra Lúireach Phádraig, iomann ar chuir Stanford ceol leis an leagan Béarla de, ‘Saint Patrick’s Breastplate’ – iomann a théann go croí na gceisteanna is ábhar don leabhar seo: ceol, creideamh, polaitíocht, náisiúntacht agus teanga.