€10.00
Líon:
Fiacha Fola
Fiacha Fola
ISBN: ISBN 1-902420-88-8
Bliain foilsithe: 2004
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2004, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

“Tá an t-ábhar gruama agus truamhéalach, ach ardaíonn scileanna an fhile an t-iomlán go buaic chórach réasúin agus fealsúnachta, gan aon ruainne den daonnacht a chailliúint agus gan tarrac ar mhaoithneacht ná ar fhéintrua sa phróiseas. Sampla réiltheanach an saothar so de chaithréim an dána thar na cúinsí is docharacha.” – Máire Mhac an tSaoi

Scannal an Heipitítis C atá faoi chaibidil sa tsraith dánta sa chnuasach Fiacha Fola. Cruthaíonn an file leanúnachas scéaltach eisceachtúil ann nach bhfeictear go hiondúil ach san úrscéal. Diaidh ar ndiaidh, tuigtear don léitheoir nach iad gnátheachtraí an tsaoil a bhfuil cur síos á ndéanamh orthu sna dánta seo faoin ngrá, faoin mbreith, faoi chúraimí clainne agus faoi thinnis. Dán ar dhán, cuireann an file an tragóid ina luí ar an léitheoir, go dtí go nochtar an fhírinne ghlan, thubaisteach.

Fiacha Fola is a sequence of poems which gives an account of the Hepatitis C scandal in Ireland. In this collection the poet has created the type of narrative thrust one expects to find only in a novel. Poem after poem the tragedy unfolds in the description of the everyday events of family life, love, birth and illness, slowly unveiling, without fanfare or self-pity, the brutal truth of a huge injustice visited upon the citizens of this country.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir