€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - An Feighlí Linbh Fiáin
Dónall Dána (Horrid Henry) - An Feighlí Linbh Fiáin
ISBN: 9781784441678
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach An Feighlí Linbh Fiáin agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith ‘Horrid Henry : Dónall Dána’. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh An Feighlí Linbh Fiáin go Gaeilge.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Sa gcnuasach seo tá Dónall Dána i mbun eachtraíochta arís, castar an feighlí linbh fiáin air, cuireann sé a thuismitheoirí trí na chéile agus iad ar thuras sa gcarr, téann sé ag imirt bob nó bia ar Oíche Shamhna agus téann sé ar an ionsaí ar chlub rúnda Pheigí Pusach.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir