€12.00
Líon:
Béarrach Mná ag Caint: Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin
Béarrach Mná ag Caint: Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin
Curtha in eagar ag Máirtín Verling
ISBN: 1-902420-05-5
Bliain foilsithe: 1999
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Thar a bheith suimiúil ... le réamhrá agus comhthéacsú breá ...” – A. J. Hughes

Sa bhliain 1901 bhí Gaeilge ag 73% de dhaonra Pharóiste Chill Chaitiairn ar leithinis Bhéarra, Co. Chorcaí. Bhí Máiréad Ní Mhionacháin ón nGoirtín ar dhuine acu sin. Ach nuair a cailleadh Máiréad sa bhliain 1957 in aois a 95 bliain bhí an Ghaeilge ar an dé deiridh sa cheantar.

Is é atá sa leabhar seo ná bailiúchán breá seanchais a bhreac Tadhg Ó Murchú, bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann, síos uaithi idir 1950 agus 1952. Tar éis í a cheistiú i dtaobh an-chuid gnéithe den bhéaloideas dúirt sé gur ‘beag ceist acu ná go raibh eachtra nó solaoid éigin aici ina thaobh’.

Ní haon ionadh mar sin éagsúlacht mhór a bheith in ábhar an leabhair seo: tá eachtraí farraige, pisreoga iascaireachta, ainmhithe feirme agus fiáine, ceirdeanna, scolaíocht, pósadh, féilte, an scéalaíocht, filí agus filíocht, scoileanna rince agus seanchas staire ar chuid de na hábhair a phléigh Máiréad le Tadhg.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir