€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Teach na dTaibhsí
Dónall Dána (Horrid Henry) - Teach na dTaibhsí
ISBN: 9781784441654
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Teach na dTaibhsí atá ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh Teach na dTaibhsí go Gaeilge.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Sna scéalta seo tá Dónall Dána in adharca lena dheartháir óg, Learaí gan Locht, agus gan iad in ann aontú ar cén chlár teilifíse a bhreathnóidh siad air. I scéal eile, éiríonn le Dónall Dána é fhéin a fháil ar an teilifís, téann sé i mbun caimiléireachta chun comórtas léitheoireachta a bhuachan agus téann sé ag fanacht i dteach na dtaibhsí.

Feiliúnach don seomra ranga.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir