€12.00
Líon:
Daoine a Itheann Daoine
Daoine a Itheann Daoine
ISBN: 978-1-905560-62-2
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Bhain an cnuasach seo an chéad duais amach i gComórtais an Oireachtais do chnuasach gearrscéalta i 2009.

“Stíl dheas, é greannmhar, aclú teanga agus macallaí tráthúla ón traidisiún. Mar bharr, tríd an ngreann go léir is an rírá, tá na fíricí loma crua.” – Micheál Ó Conghaile

Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibhéileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir, mná agus muca – lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir