€8.00
Líon:
Amstardam - Séideán Sí - Rang a 6
Amstardam - Séideán Sí - Rang a 6
ISBN: 9781857917901
Bliain foilsithe: 2010
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

‘Tá an chuma ort, a Chonchúir, go bhfuil saoire ag teastáil uait. Deireadh seachtaine fada, b’fhéidir. Thar lear. I bpríomhchathair éigin – Amstardam, b’fhéidir. Is ea, Amstardam, déarfainn – Van Gogh, Rembrandt, na canálacha, na rothair – d’ardóidís do chroí. Agus, fad atá tú ann, féadfaidh tú gar beag a dhéanamh dom ...’ Fear óg míchiallmhar is ea Conchúr atá tar éis ligean don chearrbhachas an lámh in uachtar a fháil air. Tá sé báite i bhfiacha – lena mhuintir, lena chairde agus anois le coirpeach gránna. Níl pingin rua ag Conchúr leis an gcoirpeach a íoc, mar sin caithfidh sé gar a dhéanamh dó chun na fiacha a ghlanadh. Agus mura ndéanann sé an gar sin is léir nach go caoin ceansa a chaithfear leis ach a mhalairt ar fad! Úrscéal a bhéarfaidh greim ort! Foilsithe mar chuid den tionscadal, Séideán Sí

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir