€20.00
Líon:
Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931–1981
Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931–1981
ISBN: 978-0-9568844-1-1
Clúdach: Crua

Bhí clú náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar feadh blianta fada mar cheann de na compántais drámaíochta ab fhearr sa tír. Sciob siad leo coirn agus duaiseanna ag féilte, feiseanna agus comórtais go leor agus tá sé ráite fúthu gurbh iad an cumann ba mhó a bhain stádas amach do dhrámaíocht na Gaeilge. Tá insint sa leabhar seo ar stair an chumainn ó 1931 go 1981, ar na drámaí a léirigh siad, na dúshláin a sháraigh siad, na duaiseanna a bhuaigh siad agus na héachtaí eile a rinne siad i gcaitheamh na mblianta sin. Tá léargas le fáil ann fosta ar stair Ghaoth Dobhair san fhichiú haois agus ar na pearsain ba mhó a bhí páirteach sna hAisteoirí ó bunaíodh iad, ina measc, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhí ina ceann feadhna agus ina cnámh droma ag an chumann ar feadh bhunús mór an ama sin.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir