€11.95
Líon:
An Leabhar Nimhe
An Leabhar Nimhe
ISBN: 978-1-78201-058-6
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Evertype

Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis—an tUafás Cosmach.

“Cuitiliú”: An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh.

“Scairt na Réalta”: D’fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air.

“An Leabhar Nimhe”: Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann.

“Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen” atá i gcroí an bhailiúcháin seo—duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn—fód dúchais an scríbhneora féin.

“Paappana, nó Ceol Erkki Santanen”: Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir