€12.50
Líon:
Seal sa Pholainn
Seal sa Pholainn
ISBN: 9780955721700
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Comhar

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2011

Sa bhliain 2003 thug Alan Desmond aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, in Oirthear na tíre sin. Conradh bliana a bhí aige agus is beag a shíl sé go bhfanfadh sé ceithre bliana ann.

Chomh maith le cuntas beoga soléite a thabhairt ar na háiteanna éagsúla ar thug sé cuairt orthu tugann sé léargas tuisceanach dúinn sa leabhar seo ar mhuintir na Polainne féin, ar a ndílseacht don chreideamh Caitliceach, a mbá leis an bPápa Polannach, Eoin Pól II, agus a nósanna ag féilte eaglasta.

Tá cur síos freisin ar an éagóir a rinneadh ar an bPolainn le linn agus i ndiaidh an dara cogadh domhanda agus ar na hathruithe a tháinig ar an tír ó cuireadh deireadh leis an réimeas cumannach inti agus an Pholainn anois ina ballstat de chuid an Aontais Eorpaigh.

Agus breis agus 200,000 Polannach i bPoblacht na hÉireann faoi láthair is beag Éireannach nach mbíonn teagmháil ó am go chéile le duine acu.

Ba mhór an chabhair an leabhar seo chun aithne níos fearr a chur orthu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir