An dara scannán stairiúil a rinne Gael-Linn faoin gcaoi ar baineadh féinrialtas amach in Éirinn. Tosaíonn an scannán le bunú Dháil Éireann sa bhliain 1919. Léirítear ansin an choimhlint armtha agus agóid phobail a bhí forleathan sna blianta 1919–20. Feictear nuachtscannáin den sos cogaidh, den chonradh síochána á shíniú i 1921 agus de bhunú Saorstát Éireann. Feictear Éamon de Valera agus Micheál Ó Coileáin agus iad i mbun toghchánaíochta. Tús an chogaidh chathartha ar láthair na gCeithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath an chríoch thragóideach atá le SAOIRSE?