€20.00
Líon:
Ciste Téarmaíochta Focal.ie
Ciste Téarmaíochta Focal.ie
Bliain foilsithe: 2012

Is féidir an bogearra a rith díreach ón dlúthdhiosca nó é a shuiteáil ar do ríomhaire, ionas go mbeidh cóip de bhunachar téarmaíochta www.focal.ie agat le cuardach agus tú ag obair as líne. Beidh cóip nuashonraithe den bhunachar ar fáil go tráthrialta. Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta Idirlín ar ardluas. Sa bhreis ar an mbogearra cuardaigh, tá breiseán ar an dlúthdhiosca don phróiseálaí focal, Microsoft Word. Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.

Tabhair faoi deara nach ionann gach gné den bhogearra anseo agus na gnéithe de www.focal.ie ar líne, ach gur gnéithe comhchosúla atá i gceist.

Liosta gnéithe:

-Comhéadan dátheangach
-Cuardach tapa cumhachtach a aithníonn foirmeacha infhillte, mionbhotúin litrithe, focail iomlána nó codanna focail, téarmaí aonfhoclacha nó ilfhoclacha, agus eile
-Liostú aibítreach téarmaí
-Comhtháthú le Microsoft Word ar Windows
-Inrite ón dlúthdhiosca nó insuiteáilte ar an diosca crua
-Éasca a nuashonrú

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir