Antain Mac Lochlainn

Rugadh Antain Mac Lochlainn i gCúil Raithin, Contae Dhoire i 1965. Tá BA agus PhD sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh ar an mbaile sin. Tréimhsí caite aige le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina Phríomhtheagascóir san Ard-Dioplóma san Aistriúchán, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. D’fhoilsigh Cois Life treoirleabhar leis faoi cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air (2000).

Tá duaiseanna agus sparánachtaí bainte ag a shaothar fiscin ón gComhairle Ealaíon, Seachtain na Scríbhneoirí, Oireachtas na Gaeilge, Comórtas Gearrscéalta Francis McManus RTÉ. Bhí a chéad úrscéal, Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005), gearrliostaithe do Dhuaiseanna Glen-Dimplex 2006. Foilsíodh Malairt Scéil, Nuascéalaíocht ó Albain i 2006 (Cois Life).

 

Tuilleadh ó Antain Mac Lochlainn