Caitríona Hastings

As Tír Eoghain do Chaitríona Hastings. Le tamall de bhlianta anuas, bhí cónaí uirthi i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Tá sí lonnaithe i gCathair na Gaillimhe anois , mar a bhfuil a fear chéile ina reachtaire in Eaglais na hÉireann. Bíonn sí ag teagasc Gaeilge agus béaloidis in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo. Ghnóthaigh a leabhar, Balor, Gradam Réics Carlo 2009. Tá an-suim aici sa traidisiún béil agus sna seanscéalta. Creideann sí gur fiú go mór iad a chur ar fáil i modhanna tarraingteacha nua-aimseartha do lucht ar linne.

 

Tuilleadh ó Caitríona Hastings