Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó a bhfuil aistriúchán déanta air. Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann leis an ngrá speisialta idir athair agus mac — scéal a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann cé mar a dhéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó go gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeánann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh géarleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachan trí chlisteacht agus obair chrua. Rinneadh scannán den leabhar in 1989, agus tá sé ar cheann de na leabhair is cáiliúla le Roald Dahl.