Aois: 7+ Leibhéal teanga: tosaitheoirí, daoine atá in ann litriú In úsáid: teaghlaigh, scoileanna, grúpaí sóisialta
Sa chluiche seo – in oiriúint do 1-4 imreoir – is é an dúshlán ná focail a chruthú. Tá 8 ndísle 12-thaobhach sa bhosca agus caithfidh na himreoirí píosaí imeartha a bhogadh timpeall boird le focail níos mó nó níos lú a chruthú, agus na píosaí a bhogadh de réir fhad na bhfocal.