Fógra | Notice
Iarrtar ort d’ordú a chur i gcrích ar an suíomh faoin 7 Nollaig le do thoil má tá tú ag súil lena fháil in am don Nollaig.

Déanfaidh Siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach seolfar orduithe a chuirtear i gcrích i ndiaidh an 7 Nollaig go dtí mí Eanáir.

Go raibh maith agat as do chustam.

Please ensure you complete your order on the site by 7 December if you hope to receive it before Christmas.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that orders not completed by 7 December will not be shipped until January.

Thank you for your custom.
Dún
€15.00
Líon:
Rí an Fhocail agus Ó Cadhain sa gCnocán Glas
Rí an Fhocail agus Ó Cadhain sa gCnocán Glas
ISBN: 9781905560219
Bliain foilsithe: 2007
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Dhá chlár a cheiliúrann saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain. I 2006 rinne RTÉ coimisiúnú ar Rí an Fhocail, clár speisialta a dhéanann plé ar scríbhneoireacht Uí Chadhain agus a fhéachann lena shuí ina shaol féin agus i saol a linne. Tá agallaimh ann leis na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain agus Louis de Paor, chomh maith le miondrámaí bunaithe ar shaothar an Chadhnaigh, agus ábhar cartlainne. Bhuaigh sé duais don chlár Gaeilge is fearr ag na Irish Film and Television Awards 2007 agus don chlár ealaíon is fearr ag an Celtic Film Festival 2006.

Is clár cartlainne de chuid RTÉ é Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas a craoladh de chéaduair i 1967 agus a bhfuil athmháistriú déanta ag Leabharlann agus Cartlann RTÉ anois air. Is sa gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal a taifeadadh an clár, áit ar rugadh agus ar tógadh Ó Cadhain, agus is é Ó Cadhain féin an treoraí don chlár.

Cuireann sé in aithne don lucht féachana a cheantar dúchais, muintir an cheantair, an saol a bhí acu, agus an teanga a labhair siad – na rudaí a mhúnlaigh mar dhuine agus mar scríbhneoir é.

Is i nGaeilge atá an dá chlár agus fotheidil Bhéarla orthu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir