Tár éis di í féin a chur tríd an ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir agus í ag iarraidh cáilíocht sa bhunmhúinteoireacht a bhaint amach an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm aici sa Choláiste Oideachais, ach tá uirthi dul i ngleic le deacrachtaí móra pearsanta freisin.
Is scéal é seo faoi shaol casta na mná óig; faoi chúrsaí clainne, faoi chairdeas agus faoin gceol.