Leagan é seo den seanscéal, Mucce Meic Dathó, agus é curtha in oiriúint do ghasúir bhunscoile. Bhí Mac Dathó ina rí ar Chúige Laighean agus bhí cú iontach aige - Ailbhe. Bhí an oiread sin clú ar an gcú go raibh Méabh, banríon Chonnacht, agus a fear, Ailill, sásta saibhreas mór a thabhairt air. Ach bhí Rí Uladh, Conchúr mac Neasa, sásta an oiread céanna a thabhairt ar an gcú. Ní haon ionadh go raibh Mac Dáthó buartha.