€6.50
Líon:
Muintir an Oileáin
Muintir an Oileáin
ISBN: 978-1-85791-773-4
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

‘Dar liomsa go ndearna Peadar Ó Dónaill teaghlach beo sa leabhar darbh ainm Islanders.Bhreathnaigh sé fir agus mná, agus bhreathnaigh sé le súil na hintinne iad chomh maith le súil na colainne. Tá fios aige ar a gcuid cora cainte agus ar gach mionrud a bhfuil ina saol ó lá go lá; tá fios aige ar a gcuid áthais agus buartha.’ Bhí an méid sin le rá ag Robert Lynd faoi Islanders nuair a céadfoilsíodh é sa bhliain 1928. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin leagan breá Gaeilge a rinne Seosamh Mac Grianna den scéal ina dhiadh sin. Cuntas inchreidthe é seo ar shaol mhuintir Áranna Móire i mblianta tosaigh an chéid seo, saol crua anróiteach; ach má bhí an cruatan féin ann, agus go raibh, bhí an daonnacht is an tuiscint, an suáilceas agus an misneach ina n-orlaí tríd. Agus tá cóiriú tuisceanach déanta ar chulaith an scéil ag Liam Ó Laoire, cóiriú a choinníonn sainbhlas na canúna slán faoi litriú an lae inniu.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir