€25.00
Líon:
An Chonair Chaoch
An Chonair Chaoch
ISBN: 978-1-909907-76-8
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d’aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch. Feidhm agus torthaí an dátheangachais shóisialta i bpobail mhionteanga ina réimsí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus na pleanála straitéisí atá faoi chaibidil.

“Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don féiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú — coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint.”

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir