PMM: €20.00
€10.00
Lascaine: 50%
Líon:
Gramadach gan Stró! (Cúrsaí cruinnis)
Gramadach gan Stró! (Cúrsaí cruinnis)
Eagrán 4 - 2016
ISBN: 9780956361486
Bliain foilsithe: 2013
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Is é seo an tríú heagrán de ghraiméar móréilimh Ghaelchultúir, a bhfuil 10,000 cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é in 2008. San eagrán nua méadaithe seo, dírítear ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha fúthu sa chéad dá eagrán agus tá neart ceachtanna breise curtha ar fáil freisin.

D’fhéach an t-údar le simpliú a dhéanamh ar go leor de na rialacha agus de na moltaí atá le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe agus rinne sé iarracht iad a chur i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe.

Tá Gramadach gan Stró! dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Ní fhéachtar sa leabhar seo le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin roghnaithe ag an údar agus tá siad curtha i láthair go soiléir gonta. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.

Tá béim láidir sa leabhar ar úsáid laethúil na teanga agus tá eolas tugtha ann mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint. Tá ceachtanna le fáil i ngach aonad agus tá freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair, rud a chabhróidh leis an úsáideoir agus é ag iarraidh greim a fháil ar na rialacha éagsúla.

Tá cúrsa cruinnis ar líne, bunaithe ar an leabhar, ar fáil ag www.ranganna.com.

Tá aonad samplach ar fáil anseo: Aonad 7: An Aidiacht 1 (An Aidiacht san Uatha agus san Iolra)

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir