Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach ndéanfar ordú a sheachadadh roimh an Nollaig de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain. Má tá táirge á ordú agat lasmuigh d'Éirinn bí airdeallach ar dhátaí deireanacha seachadta An Post thíos.

Tá dátaí deireanacha seachadta An Post ar fáil anseo.

Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 20 Nollaig 2020. Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 16 Nollaig 2020. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may not be delivered before Christmas due to the coronavirus and the restrictions in place around the world. If you are placing an order from outside of Ireland please be aware of the last postal dates with An Post below.

Last postal dates with An Post here.

Orders within Ireland that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 20 December 2020. Any other orders within Ireland will be accepted on siopa.ie until midday, 16 December 2020. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.
Dún
€25.00
Líon:
Cré na Cille
Cré na Cille
(Eagrán Nua)
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Eagrán nua Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain ina bhfuil ealaíon nua leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Clúdach crua.

Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás, a deir an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charachtair an úrscéil seo. Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo arb é suíomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chuile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh nuair a bhí siad os cionn talúna, iad te bruite á dtarraingt anuas aríst agus aríst eile. Agus níl duine ar bith is fearr chuige seo ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtar an leabhair, bean atá in árach a deirfíre Neil le blianta fada agus atá ar bís go gcloise sí trácht ar uachta deirfiúr eile léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint aríst ach an bhfuil aon duine ag éisteacht? Is críonna a té a

Máirtín Ó Cadhain

Ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gContae na Gaillimhe a rugadh Máirtín Ó Cadhain i 1906.

Oileadh ina mhúinteoir náisiúnta é ach briseadh as a phost é i Scoil Náisiúnta an Chairn Mhóir nuair nach dtabharfadh sé geallúint nach mbeadh aon bhaint aige feasta le poblachtánachas. Chaith sé blianta an Dara Cogadh Domhanda i gcampa géibhinn i gCurrach Chill Dara. Phós sé Máirín Ní Rodaigh i 1945. Chaith sé tamall míshuaimhneach ina státseirbhíseach nó gur ceapadh é mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956. Bhásaigh sé sa bhliain 1970.

Mórán chuile fhocal dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Carna pacáilte i mbéil ochtair nó naonúir.

– Ar Aghaidh

Gach aon duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge bheo, bhríomhar, urranta a scríobhann Máirtín Ó Cadhain, gheobhaidh sé a sheacht sa scéal seo.

– Irish Independent

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir