Fógra | Notice
Fógra |


I gcás táirgí nach gcuireann Gaelchultúr i gcló tá baol ann nach seachadfar iad go dtí an 17 Eanáir mar gheall ar stocáireamh bliantúil ár gcuid soláthraithe. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


For products not published by Gaelchultúr dispatch may be delayed until 17 January while our suppliers conduct their annual stocktake.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€21.95
Líon:
Amhráin & Dánta Raiftearaí
Amhráin & Dánta Raiftearaí
ISBN: 978-1-910945-33-9
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn). Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir